School: Clonmellon (B.) (roll number 9500)
- Location:
- Clonmellon, Co. Westmeath
- Teacher: P. Ó Droighneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clonmellon (B.)
- XML Page 005
- XML “Scoileanna Chluain Mioláin”
- XML “An Seanteampall”
- XML “Stair na hÁite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bun an iarraidh seo agus lean dream beag sgólairí Pratastúnach de bheith ag freastal uirthi go fóill.
(ó Charles Fox, mac Ceannuidhe, Cluain Miolaín) - In-aice Chaislean Killua (idir é agus an loch) Tobar Naomhtha, "St Lucy's Well", agus ballógaí sean-teampaill . (Bheárfaidh mé ainntas ar an tobar níos fuide anonn). Bhí an teampall seo leagtha ar fad uair amháin acht d'ath-thóg na Chapmans é le cuma na seandachta a chur ar an áit bfheidir. Bhí ballóg shean-teampaill eile ag "Moyahera" (sin fuaim an fhocail amháin!) tá dhá mhíle de Killua. Leag Chapman an ceann deireannach seo agus thug a chuid cloch go Killua leis an cheann a bhí le taoibh an Chaisleánn a dheisuighadh. (Ní shílim gur le meas do'n tsean-fhoirgneamh a rinneadh sin nó tá cuid de clocha an tsean-teampaill 'san bhalla atá ag gabháil timcheall an estate. Má théigheann tú o'n Chaisleán ar an chasán go dtí an Golf House tchífear geata bhéarfas amach tú ar an bhealach-mhór. Gabh síos an bóthar sin agus tá balla an estate ar do láimh chledh. Idir caoga agus céad slat o'na gheata tá clocha greannta an tsean-teampuill le feiceál go soiléar i lár an bhalla
(Sgéal fá athrú na gloch ó Patrick Duncan, Shepherd) - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- Mrs Gavagan
- Gender
- Female