School: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Location:
- Slievenalicka, Co. Clare
- Teacher: Seán Ó Cionnfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- XML Page 128
- XML “Aindrias Mac Cuirtín - 1749 Fuair sé Bás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 128
Aindrias Mac Cuirtín ( 1749 Fuair sé Bás).File eile a bhí in a cónuigheadh sa Ceanntair so do beadh Aindria.Rugadh e ag Magh-Glas i bparóiste cill Mhuire Uí Bhrioáin .Bhi feirm talmhain aige agus beigean do cuid de do dhíol ionnas go bhfeadfadh sé leanuínt ar saothrú leighinn.Toisg a luigheadh de strus an t-saoghail a bhidob éigean do dul na muinnteóir 'na dúthaigh féin .Do thug se turas anna go minic tríd an d-tír ag cuardach sean-leabhra ach ní raibh se 'na fhear fáin mar a guigeadh do dhaoinibh airithe.Do thug sé chuid mhór dá chuid aimsire i g-cuideachta na m-Brianach i n-Inisdiomáin agus i g-cuideachta Mhic Dómnaill i gCill Caoi.Do bhí na daoine sin go maith dó agus muna mbeadh iadagus a leitheidí ní fhéadfadh sé claoidheadh le ceird filíochta.Do fuair sé bassa bhliain 1749 agus do cuireadh in uaig a mhuinntire é i G-Cill Fear Baoithe laimh leis an áit iad.(Tá an uaigh leath mhíle taobh thuaidh den scoil seo Sliabh na lice.)
Do bhí Aindrias ina ollamh oifigiúil ag na Brianaigh ,agus muna mbeadh é ní bheadh tuairisc indiu ag na Brianaigh na ag teaghlacha Thuaidh -Múmhan ar a ngeinealach.
do bhí droch -mheas ag Aindrias a cleachtuig an Dan Díreach Ar na filí nua a bhí ag eirighe chun chaile agus a bhí ag cleachtadh meadaran amhrain.Ní raibh aoinne do labhair níos seirbhe mar ar an n-dream Nua na Aindrias Féin.
"Deir dána ag Séanaimh Dána
Is dána ag gniom do ghol se
Ach an fear na déanfadh an dán díreach
Is fear Dána i n-dairíribh é"(continues on next page)- Informant
- Antoine Ó Conmhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Ballynew, Co. Clare