School: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Location:
- Slievenalicka, Co. Clare
- Teacher: Seán Ó Cionnfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 101
Píosa Filíochta
Bhí fear darbh ainm do Míchéal Ó Raghallaigh in a cómhnúidhe in-Inisdiomáin ,Conndae an Chlair roinnt blianta ó shoin.Bhí a dhóthain gaeidhilge aige chun Bhéarsaí amhráin do cheapad.
Bhí táilliúr darb ainm do Tomas Mac Siúrtaig sa t-Sráid sin an tráth ceadhna go raibh an Raghallach ann.Deirtear gur tailliúr gan aon ro-eolas ar a céird an fear ceadhna.
Thug Mícheál tri ? plainnín do Thomas chun Báinín do dhéanamh dó.'Sé do dhein sé na baill eigin éadaigh a banulangha den phláinín dá chlann féin .
Do chrom Míchéal ag macnaigh ar an scéal,agus dob e toradh an macnaigh na ná gur chum sé trí Bhearsaí i n-Gaedhilg.Seo iad na Bhéarsaí.:-
A Chaoinchruit dith leat mar táim tlát,
Lá Geimhridh is mo Caolcoin gan díon gan scáth
Ó Shianta Seangaoithe ag tigheacht gach tráth
I mho chroidhe istig ionnaing go claoidhte cheal Báinín Bán.Thug mé trí banulangha mhaith den phlaínnin dob fhearr
Do Shiúrtán ag tnúth leis go go ndéanfádh i d-tráth
Ceart cumtha mar ba siúd dom samhailt go sáigh
Lúireach láncreach lanclúduithe de Bháinín.Mo lán chreach ní h-sin do dhein an feallaire sainn
Ach an teadach go léir do chuir mar culaith ara clann
Is me traochta gan nídh a dhéanfadh fothain dom lár
Táim treith -lag ,mar is leir duit ,ceal Báinín Bán.(continues on next page)- Collector
- John Kennelly
- Gender
- Male
- Informant
- Edmond Connole
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Illaunbaun, Co. Clare