School: Cloughjordan (C.) (roll number 11544)
- Location:
- Cloghjordan, Co. Tipperary
- Teacher: Eibhlin, Bean Uí Sceacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloughjordan (C.)
- XML Page 135
- XML “Seantithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-tighthe. Feabhra 8abh 1938bhí deirfiríocht mór i dtighthe an tsean-aimsir agus tighthe an lae indiu. Tighthe beaga suaracha do beadh íad gan slighe chun corruighe ionnta.
San am sin deintí fallaí na dtighte de cré agus de chloca agus cuirtí sol lasmuich ortha agus deintí an ceann-tighe de scraitheacha, géaga crann agus tuighe agus deirtear go gcuirtí luachra in ionad tuighe cúpla céad bliain shan.
Taobh istigh deín cistin bhíodh na fraighleaca agus na maidí agus na scraitheacha nochtuithe le feisceint agus iád comh dubh le súith.
bhíodh an t-úrlár déanta de cré chruaidh agus cuirtí leasadh leathana san úrlár in aice na teine.
bhíodh lochta cun codladhta tógtha suas fé dhíon an tight agus baineadh úsáid as dréimire chun dul suas innti agus bhíodh dhá lochta beaga oscailte, ós cionn na teine ar gach taobh dein tsimné.
Ós cionn na teine bhíodh simné mór leathan déanta timcheall cúig troighthe amach ón bhfalla. bhí béal an tsimné sé traghthe ar leithead agus na trí taobhanna ag chadlú chun a chéile suas go barr na binne.
bhíodh an tsimné déanta d'adhmad taobh istig agus é comh dubh le súith acht bhí cúl an tsimné déanta de chré agus cloca nó mortar. bhíodh an teinteán i bhfuirm leath-bhogha isteach sa bhfalla agus bhíodh iarta ar gach(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Cinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Cloghjordan, Co. Tipperary