School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 368](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_368.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 368
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 368
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo cúntas a fuaras ó dhuine atá ochtmhó Bliadhain. Tá dhá chuid déanta agam de, an méid is cuimin leis féin, agus an méid d'airig sé ó sean-daoine a tháinig roimhis.
Dubhairt sé liom nár chaith sé aon bhróg go raibh sé ocht mbliadhna, agus nár chuireadh air iad ach gach Domhnach ag dul do dtí an t-aifrean. Bhí sé ag dul ar sgoil ó bhí sé sé bliadhna d'aois, ach chos-nochtuighthe. Théidheadh sé ann, agus gach eile garsún mar é. San am san ní chaitheadh na mná aon bhróg ach Dé Domhnaig, agus ní chuiridís ortha iad chun go déighdís a radharch an tséipéil chun iad bheith deas glan i radharch an phobhail.
Ní mar sin atá an sgeul fé láthair. Ní h-aon iongna bróga dfheicsint ar pháisde sé mí d'aois, ach is iongna mhór garsún d'fheicsint chos-nochtuighthe. San tsean shaoghal nuair ná bhíodh aon bhróga ortha i rith an lae chaithtí na chosa nígheadh gach oidhche, agus nuair a bhíodh san déanta cuirtí uisge na gcos amach sa chlós i gcás ná bheadh sé roimhe mhuinntir an tíghe a bhí tar éis bháis nuair a thabhairfidís chuaird ar an sean áitreabh[?](continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Caol Fuinseann, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cathair Daithí, Co. Cork