School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 268

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 268

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 268
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean i gCiardeach agus do ghuid sí gé agus do deineadh mórán lorg ar an ngé agus do theip í fághail. I gcionn tamaill na dhiaidh sin bhí staisiún i dtig a comharsan agus chuaidh an bhean go dtí an stáisiún agus tháinig an t-aodaire bó isteach agus dubhairt an Sagart leis teacht go dtí an teine mar bhí sé fliuch mar is i n-aice na teine a bhíodh an faoisdin ag éisteacht fadó agus do tháinig chómh maith.
    Annsan do chuaidh an bhean go dtí an faoisdin agus d'innis a peacaí go léir don Sagart i ndeireadh bán dubhairt sí "do goideas gé a athair" agus dubhairt an buachaill "Is ormsa a cuireadh é" agus do cuir an Sagart an buachaill amach an doras agus do rith an bhean na dhiaidh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Chríodáin
    Gender
    Female
    Address
    Drom an Gharraí, Co. Cork