School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 238
- XML (no title)
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fadó agus is minic a bhí, agus beidh fós leis.”
(continued from previous page)leis agus d'eitig sé é. Annsan do chuaidh sé féin agus do thuit gach rud amach mar dubhairt an bhean agus nuair do tháinig an tarna capall glas do sgiob sé an bhean leis agus do gháireadar go léir nuair d'imthig an cúlóg ón bhfear. Do mhaireadar go dtí go bhfuaireadar bás.- Bhí táiliúr ann fadó agus bhí Ministir na chómhnuidhe na aice. Bhí bainbhín muice ag an dtáiliúr agus bhíodh sí ag tóch i gcuid an Mhinistir. Dubhairt sé leis an bhanbh a choimeád uaidh agus chuir sé fínéal air, sgilling nó mar sin. Do chuir an Ministir bríste a dheanmh chun an táiliúra agus bhí ana dheithneas air. Nuair a bhí sé déanta ba mhaith leis an táiliúr sásamh éigin a bhaint as an Ministir. Fuair sé píosa cotúin agus bailg sé dorn siongáin agus chuir sé isteach i dtóin an bhríste iad.
Chuir an Ministir an bríste air agus nuair a tháinig an theas ortha chuadar amach tríd an cotún. Nuair a bhí an Ministir istigh sa teampall Dia Domhnaigh agus an seanmóin aige á thabhairt uaidh bhíodar á phiocadh agus á ghiobadh agus ar seisean "gabhaim párdún agaibh a phobail ach tá an diabhal i dtóin mo bhríste"- Informant
- Donnchadh Ó Buachalla
- Gender
- Male
- Age
- c. 80
- Address
- Cathair Daithí, Co. Cork