Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Cork
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana Chleas Páistí
Cúigear nó seisear a bhíonn sna imirt agus gach re dorn aca anuas ar dhruim a chéile. An té go mbeadh a dhorn anáirde ar fad aige déarfaidh an fear a bheidh féna bhun san le na dhorn, "Cé sin anáirde?" "Ceann an stáca " déarfaidh an fear a bheidh anáirde. "Leag ar lár é, go n-íosam práta agus greim cabáiste" Tógfaidh an chéad fhear a dhorn anuas annsan. An tríomhadh dorn annsan fiafróchaidh sé "Cé sin anairde?" agus déarfaidh agus déar faidh an fear anairde go bé ceann an stáca é agus mar sin dóibh go mbeidh a ndoirne go léir leagaithe anuas. Beidh siad ar fad ag ithe annsan mar dh'eadh amach as a ndoirne.An fear íochtarach go mbeidh a dhorn ar an mbórd san é a fhiafróchaidh den fhear a bheidh roimis:
"Cad tá agat a ithe?" "Tá arán agus cáis " adeir sé. "Cá bhfuil mo chuid-sa?" "D'ith an luch é" "Cá bhfuil an luch?" "Chuaigh sé fén sop" "Cá bhfuil an sop?" "Do dhóigh an teine é." "Cá bhfuil an teine?" "Do mhúch an t-uisge é." "Cá bhfuil an t-uisge?" "D'ól an damh é." "Cá bhfuil an damh?" "Mhairbh an búistéir é." "Cá bhfuil an búistéir?" "Do mhairbh an tuagh mhór é." "Cá bhfuil an tuagh mhór ?" "Do mhairbh an tuagh bheag é"."Cá bhfuil an tuagh bheag?"
Bhailigh Seosamh Ó drisceoil, Cnocán na mBairneach.
Fuair sé é ó ;Finghian Ó Drisceoil, Cnocán na mBairneach, Inis Cléire.- Bailitheoir
- Seósamh Ó Drisceoil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnocán na mBairneach, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Finginn Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnocán na mBairneach, Co. Cork