Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 132
- XML “Scéal”
- XML “Seanfhocail”
- XML “Scéilín Grinn”
- XML “Srangán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ta agat tar annso agus innis domh-sa é." Cuaidh sí abhaile agus dhein sí mar d'órduig sé di agus nuair a tháinig sí go dtí an crois bhí sé ann san áit ceudhna. Dúbhairt sí gur dhein sí é agus tar éis a buidhcas a gabhailt de d'imthig sé as a radharc agus ní feachadh sí sin na aoinne eile é.Bailig: Eibhlin Ní Ceudhagáin, Gleann
Fuaireas ó: Tadhgh Ó h-Áongusa, Gleann Thíar - (I) I dtosach na h-aichidhe is fusa í leigheas.
(II) Is minic a ceangalochad do teanga rud ná sgaoileadh do fhíacla
(III) Ná bí i ndeire sguit ná i dtosach bruigeann. - Do bhí fear tua (?) ar bharra Chnoc Chosta lá agus do bhí cos ana theinn aige. Do chonnaic sé bád las thiar theas de Chléire agus do bhí sí ag luasgadh ar buille. Do shíl an fear go gorthócadh sí a cos feín agus seo mar a dubhairt sé:- Ó mhaise, Ó mhaise, ní stadaidh sí go deó dá bunsí banngó, (?) go dtuitfidh sí anuas ar chos a clampair.(?)Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
Fuaireas ó: Thomás Ó Siothcháin, Cumolán- Bailitheoir
- Cáit Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Siothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí
- Gaoth indheas is báistheach,
Fairrghe chaith is dronaay,
Gascionan is a thón ináirde,
Do bháithfeadh sé báid na conntae.