Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 130

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 130
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An sean aimsear
    Is mó rud a fhéadfhadh na daoine san tsean aimsear a dheanamh na fheadfhaidís a dheanamh anois. do fheadfadh na sean daoine cathaireacha súgáin a dheanamh as an daoidhe a fhásaidís féin sa bhaile. Ní gádh d'aon bhean dul go dtí an siopa cun stairce a ceannach Bhíodar ábalta é dheanamh iad féin sa bhaile as an práta. Is amhlaidh a dhéunfhaidís amh an práta amh sin a chimilt le rud garbh agus thiocfadh rud bán cosamhail le bainne as. Cuirfidís isteach i mbáisíné agus thuitfheadh rud bán i dtóin an bháisín. Ní raibh le deanamh aca annsan ach an tuisge a bhaint as (an) agus bheadh stairche acha. Is leis an stairc san a dheunfadh na mná na rudaí go léir d'ironáil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sa tsean aimsear nuair a bhí na péin dlighthe i bhfeidheim in Eireann do gobhach aoinne cúig púint a fheadfahadh maighistir sgoile, sagart nú mach tíre a marbhú agus a ceann a bhreith leó agus é a thabhairt dos na Sasanaig.
    Tá béul-oidheas i gCléire mar geall ar sagart a bhí ann an aimsear sin. Deirtear gur tháinig na saighdiúirí sin ó Shasana isteach annso leis agus gur thánadar i dtír san ceann thoir don oileán agus go rabhadar ag deanamh shíar as tig a tsagart ach gur rith duine eigean agus gur cuir sé i ndúil don saghart go rabhadar ag teacht cun breith air. Deirtear go bhfuair sé capall agus léim sé air agus dean sé shiar ar an gcnoc. Nuair a bhí sé síar píosa mór don bóthar do connaich sé na saighdiúirí ag teacht ina dhiaidh. Lean sé air síar go dtí an áit ina bhfuil an loch anois
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Cheadhágáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Iarthach, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Tadhgh Ó hAongusa
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Iarthach, Co. Chorcaí