School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 123
- XML “Scéal Uafásach”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)coiméád soluis geathara dho óscíonn an tsathaig. Acht do thuit splanch ó'n ngeathara isteach sa tsathach agus slán mara 'nnstear é ní raibh moill secondh eile air nú gur imthigh an tig go léir suas san aer.Do losgaidh na daoine 'bí istig, acht bhí beirt nú triúr da feachathais lua na láthair ortha (slán mara 'innstear é do deineadh luarach ar fadh díobh) Do tháinig ana chuidh dhíobh amach tríd na fuinneóga acht má seadh do bhíodar ar lasadh. Acht sé do déin níos measa iad, do bhí lochan uisghe ar an dtaobh amuigh do'n doras, agus do chaith ana chuidh díobh iad féin isteach ann. Do fuair dhá dhuine déug bás taréis teacht amach as an dtigh, agus tuille aca bás taréis tamall a tabhairt sa leabhaidh sa bhaile. Do fuair óscíonn fiche duine bás ar fadh, agus do mhair timcheall lé tríochadh nó níos mó, acht bhí rian an dóigheatán ar n'aon duine aca go dtí lá 'mbáis. Ní mhaireann aoinne aoinne anois dos na daoinibh a bhí sa tig nuair i dóghadh é.
(Beanancht Dé lena n-anamh go léir)Bhailigh: Máire Ní Drisceóil, Cumolan Thuaidh
Fuaireas ó: Thomás Ó Síothcháin, Cumolán (75 bl)
Is cuimhin leis go maith an lá do thuith sé amach. Bhí sé hocht mbliadhna d'aois an uair sin. - 1) Is feárr sníomh do chuir ar an ngiobhóigh, ná sníomh do chuir ar an piotóig.
2) Is mairg ná bíonn cleas aige.