Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 020
  3. XML “A Díol Purgadóireacht”
  4. XML “Scéal Grinn - An Bodach Dálach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul Grinn: An Bodach Dálach : Bitheamhnach.
    Sean-draoi a bhí i gCléire sa t-seana shaoghal go raibh Bodach Dálach mar ainm air. Feile bítheamhnaigh agus árd-ropaire a beadh é. Ní stadadh sae ach a' goid stoc na gcómharsan is a gcur sa t-sáthach dó féin.
    Bhí trúir inghean aige. Síghle, Míréann agus Muireann a bhí ortha agus do deimhin bhídís chómh páirteach sa bitheamhantaigheal leis féin. Oidhche amháin do rug na buachaillí craobhacha ar bhoin an Bhodaig - bó ruadh - agus chasadar braithlín ban uirthi. Annsan chomáineadar isteach sa mhacha chuighe í. Nídh nach ionghnadh nuair a fuair an bhó í féin sa mhacha do bhuail sí cómhla ar doruisle ná adharca. Tháinig an Bodach amach agus nuair a chonnaic sé an bhó bhan, shíl sé go raibh aige. Rug sé ar an grafán agus thug sé idir a dá shúil dí é. Thuit sí na phleist. Cuadar a gceathrar agus tarraigheadar isteach i lár a'tighe í lén í cur sa t-sathach. Nuir a chonnaic an bodach connus mar a bhí, "Dar fia, a Shíghle, a Míreann is a Mhuireann", ar seisean, "sí ar mbóin féinig a fuair an buile."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
      2. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Mícheál C. Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí