Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 033
- XML “Triúr Mac Feirmeora a Chuaigh ag Foghlaim Béarla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dara ceann. "Tis a dam good deed," ars an tríomadh duine. Nách breagh dhúinn anois mar nuair a raghaimíd abhaile ní thuigfidh ár n-athair ná ár máthair sinn. Bhíodar a cur an bóthar díobh annsan agus cad a chífidís sínte ins an díg ach sean-duine bocht. "Ní feadar an tar éis báis atá sé?" adubairt duine aca. "Corruig é," adubhairt an duine eile, is do dhein is bhí sé marbh. Cad a bhuailfeadh chúca annsan ach pílear.
"Who kilt the poor man?" ar seisean." "Bhaoí three" dubhairt duine acu. "Why did you kill him? ars an pílear. "We want money", ars an dara mac. "I'm afraid ye'll suffer," ars an pílear. "Tis a dam good deed," ars an tríomhadh duine. Do árduig sé leis go dtí an giúistís iad, is nuair a ceistig sé iad ní raibh aon rud aca ac "We three," "we want money", "Tis a dam good deed," Ní raibh aon Ghaoluinn ag an Giúistís ná ag an bpílear agus b'éigean dóibh iarraidh a cur ar fhear go raibh and dá theangain aige. Annsan cheistig an fear teangan iad is d'innseadar do gur ag foghluim Béurla chuadar agus ar a gcasadh dóibh fuaireadar an sean duine bocht tar éis báis insan díg. D'innis seisean don Ghiúistís é. "They are three fools," ars an Giúistís. Téighid abhaile anois, a thriúr amadán, is ná téighid ag foghluim Béurla go deo arís mar dóbair go gcrochfadh sé sibh.- Bailitheoir
- Seosamh Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Cóinghealaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Ó Móine, Co. Chorcaí