School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 100
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-Sgéul Bhí baintreach ann fadó, agus ní raibh aici ach aon mhac amháin ná raibh ró-sean-chríona. Seán do b’ainm dó. Tháinig Geimhreadh, agus rug cruadhtan na móna ortha, agus do b’éigean dóibh dul ar an gcnoc ag baint craobh.
Lá dá raibh Seán á bhaint ‘seadh chonnaic sé uaidh an lapracháinín tríd an bhfraoch. “Am baisge go dtabharfhad abhaile go dtí mo mháthair thú” ar seisean leis féin, “agus beir ana-áisiúil chun an uisge thabhairt chuici thar mo cheann-sa.”
Dhein sé fé na dhéin, agus bheir sé isteach air gan scáth gan eagla chun go dtabharfhadh sé leis é. Tháinig crith is eagla ar an lapracháinín go mór mhór nuair a chonnaic sé an misneach ar fad a bhí ar Seán. “Í mhuise, ná dein,” ar seisean, “agus tabharfadh sparán na pingine dhuit, aagus éadach clár go mbeidh gach aon t-sórt bídh air, gach aon uair a leigfir amach ar an mbórd é, agus tá inghean an rí annsúd thíos i seomra leí féin, agus tá brón nú buairt éigin léi féin uirthi. Ní maith leí bheith i bhfochair na daoine i n-aon chor, agus níorbh fhéidir aon gáire a bhaint aisti le mórán blianta. An chead(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Scothlaoich
- Gender
- Female
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Scothlaoich
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Letter East, Co. Kerry