School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 047
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Do bhí Rígh in Éirinn fadó, is ní raibh aige ach aon ingean amháin. Cailín do b’ead í, ná raibh ábalta ar gol in ao’ chor. Is minic a chuireadh sí fearg mór ar an Rígh, mar nuair a thagadh aon mí-ádh air, is amhlaidh a tosnuígheadh sí ag gáirídhe.
    Ar deireadh, do chuir an Rígh fógra amach, go, dtúbharfhadh sé an cailín, mar bean phósta, den fear a bheadh ábalta ar í a chur ag gol. Tháing uaisle agus mic Rígh na tíre, go dtí an pálás an Ríogh, agus do tríaladar gach cleas cun í a chuir ag gol, ac do theip ar gach duine acu, agus cheap an Rígh annsan ná raibh aon slíghe chun í a cuir ag gol. Fé dheire, tháinig fear óg a bhí bocht agus dealbh. Thug sé inniún leis in a phóca. Do thríal sé cúpla cleas ach do theip air.
    Do thóg sé an t-inniún as a phóca sa deire, agus do thosnuig sé ar í a ghearradh ós a cómhair amach. I gcionn tamuill do thosnuigh na deóra ag teacht ó’n a dá shúil, go dtí go raibh sí ag gol go fuígheach. Do phósadh an fear agus an cailín óg, agus do mhaireadar fé rath is fé sheán, ar feadh a saoghail.
    Mícheál Ua Gríbhthín, do sgríobh
    Cáit Bean Uí Gríbhthín, (50) d’aithris
    Leitir
    Gleannbeithe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0571: “All Stick Together”
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ua Gríbhthín
    Gender
    Male
    Informant
    Cáit Bean Uí Gríbhthín
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Letter East, Co. Kerry