School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 041

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 041
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéul
    Bhí seana-bhean ann fadó agus ní raibh aon scannradh ar an dtalamh ach an méid airgid a bhí aici, agus bhí sé go léir in n-ór bhreagh bhuidhe. Do mhair sí abhfad ach tháinig an bás ag triall uirthi sa deireadh. Do mhothuig sí ag teacht é agus má mhothuig om baiste go raibh an t-airgead ag deanamh mearathail an domhain di.
    Ní raibh aoinne ‘n a theannta ach cailín agus nuair a fuair sí amach go gcaithfeadh sí géilleadh do’n bhás dúbhairt sí leis an gcailín an t-ór a leagadh ar an dteine go n-ólfadh sí é, bhí an oiread san de sainnt agus de dhúil aici ann.
    Cad a dhein an cailín le méid a gliocais, ach cnapán íme d’fhághail agus é leaghadh ar an dteine i n-ionad an óir, agus é thabhairt di le n-ól.
    Níorbh fhada ‘na dhiaidh sin go bhfuair sí bás, an t-ím is dócha a dhein an stalcadh ar fad di. Is í bhí go sásta ag dul cun báis mar cheap sí gur’b é an t-ór a bhí ólta aici. Níorbh eadh ámhthach, bhí sé ag an gcailín agus is aici-si a bhí an saoghal bréagh suairc as san amach.
    Eibhlín Ní Scothlaoic do sgríobh
    Eibhlín Bean Uí Scothlaoic (60) d’aithris
    Oide Sgoile,
    Leitir,
    Gleannbeithe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
      2. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Scothlaoich
    Gender
    Female
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Scothlaoich
    Gender
    Female
    Age
    40
    Address
    Letter East, Co. Kerry