School: Kenmare (B.) (roll number 2849)

Location:
Kenmare, Co. Kerry
Teachers:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 485

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 485

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kenmare (B.)
  2. XML Page 485
  3. XML “Diarmuid na Bolgaí agus an Deoch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Diarmuid Na Bolgaighe agus An Deoch.
    Lá amháin do chuaidh Diarmuid na bolgaighe ó dheas go láithreach. Chuaidh sé isteach idtig tábhairne agus do lorg deoch. Ní raibh mórán dighe istig ag an mnaoi agus níor mhaith léi é do thabhairt do Dhiarmuid - fear go raibh cuma an bhochtáin air - mar bhí súil aige [!] le daoine uaisle abheith ag dul thar an áit. Mar sin féin do lean Diarmuid a tathant uirthi an deoch a thabhairt do agus do chan sé an fonn so dí:-
    "A righ-bhean tais [?], bhain tart de chéadtaibh sluagh
    "Dimthigheadh do dhream id 'naice? a sgaipeadh saor gan gruaim,
    "Tá loingeas is baire á' teacht do shaorfadh uaith.
    "D'imthig do chasc, níl sgeach imbéal an chuain."
    Ní túisce a dubhairt sé an rann so ná thug bean an tighe tábhairne an deoch do, agus chómh luath is a tháinig sé amach thar doras cad a chífeadh sé ach long seoil lan de dhaoinibh uaisle ag teacht aníos trí Chuan Chill Mhacallóg Bhí sé buidheach ná feaca an bhean iad nó bheadh sé gan deoch an lá san.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    M. O hEaluighthe
    Gender
    Male