School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 468
- XML “Shell? Bhainicín Róin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Shell? Bhainicín Róin. 1)
[Os cionn "Shell", agus an e folínithe: (Saíll? T. Ó M)]
[fonóta 1): "Bail bhainne cích róin - órdlach saille" - sean fhocal. T.Ó.M.]Bhí buachaill aimsire agus cailín aimsire idtig fado. Do thárla leanbh eatortha Níor mhaith leo é chur chun báis agus n'fheadar siad cad a b'fhearra dhóibh a dhéanamh leis. D'fhanadar sa bhaile Dia Domhnaig, ón Aifreann agus chuimnig an fear ar chleas.
Thóg sé an leanbh leis síos go dtí an tráig. Níor mhaith leis é bháthadh. Sé a dhein sé ná an leanbh bocht a chur ináirde ar fhaill. Bhí rón mór fen bhfaill agus nuair abhí an fear imthighthe, léim sí aníos agus thóg sí léi an leanbh. Bhuail an fear isteach abhaile agus dubhairt go raibh an gnó déanta aige go maith.
Ní raibh aon trácht ar an leanbh go ceann seacht mbliadhan. Indeire an ama san do thárla fear ar bhruach na trágha ná raibh aon leanbh aige féin. Chonnaic sé an garsún óg so agus gan aon éadach air ach feamanach ag fás tríd amach. Rug sé air agus thug sé leis abhaile é. D'innis sé an sgeál dhá bhean agus shocruigheadar ar(continues on next page)- Informant
- Mícheál O hEaluighthe
- Gender
- Male
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Dawros, Co. Kerry