School: Castlerock N.S. (roll number 13242)
- Location:
- Drummartin, Co. Sligo
- Teacher: Frank Haran
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Castlerock N.S.
- XML Page 002
- XML “Beirt Chaibléirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annsin ó ghabh mé amach."
"Sin é an fear ar ghoid tú an chaora uaidh"
"Dheamhan támh a chodlóchas mise go bhfághaidh mé amach cé tá sa gcomhra"
Fuair sé spád agus bhain sé clár amach as an gcómhra. Fuair sé an tsean bhean istigh sa gcómhra in a suidhe ag ithe ceathramhadh caorach agus ag ól dí fhéin. Rug sé greim ar an gcnamh mór a bhí istigh sa gcomhra ag an sean bhean agus sháith siar in a mhuinéal í agus mharbhuigh sé í. Chuir sé an clár i gceann a chéile sa gcómhra agus d'fhág sé annsin í. Tháinig a mac lá ar na bhárach go bhfeiceadh sé an bhfuigheadh sé aon fhios aiste cé bhí ag goid na gcaorach uaidh. Nuair a bhain sé an glas den chómhra fuair sé marbh í tachtuighthe leis an gcnámh.
"Deamhan lá ariamh nach raibh tú an-chríosach. Tá tú caillte anois leis."
Chroth sé leis abhaile í agus rinne sé í a thórramh. Chuir sé í. Chuaidh an cabléir an oidhche dár gcionn agus thóg sé í. Thug sé leis an comhra agus an corp agus chuir sé in a sheasamh ag a 'doras nuair a fuair sé an mac in a chodladh. Nuair a d'osgail an mhac an doras ar(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Chearbhall
- Gender
- Male
- Address
- Letterbrone, Co. Sligo