Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 158
- XML “Bád na Binne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ó Mhuinntir Chlothair, 'rúnaigh sí iad agus bhabhtaladdar na báid. Thug muinntir Chinnáird ocht púint babhta le na mbád féin ar bhád-na-Binne. Sin é mar tháinig Bád-na-Binne go Cinn Áird
Seo mar do mhol an Brianach an saor a dhein í"Molaim-se thusa a Phádraig Uí Chinnéide
Mar is tú an ceárdaí deas néadta ar do láimh
Mar is fuinnte do dheinis ár léadar"
agus dubairt sé i gceathrúin eile
Óna Cealla do ghluaisig ar léadar le fuinneamh le faor is le fonn
An té chíofadh í ag glanadh gach péirse de'n gceann
Go raibh a cille gan smúit ar an dtuinn."
agus airís
Bhí mór-sheisear shéimhfhear ó Chinnáird ÓConchobhair gan éistin gan cháim
Bhí an dá Dhiarmuid go fiall ar a ngarda
'S na trí Séamuis go grádhnhar i ngníomh
Is an león ceart níor chóir dom gan é áireamh
Mar is priúnsa d'fhear sásta é gam muídheamh
(Connor mac do Mháire Ághas dob'eadh é seo agus deiridís na thaobh nár tháinig mar'a-thinneas riamh ar a mhéireanaib le fuacht. Bhí sé féin agus m'athair lá ag priocadh nó ag baint feamnaighe thíos ar an gcladach aig an gCorain agus leac oidhir ar an bhfeamnaigh agus bhí na méireanna ag tuiteam anuas dem'athair. Bhí iongnadh an domhain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Kerry