School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 064

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 064
  3. XML “Fíon ag Beirbhiú le Putóga i gCinn Aird”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is minic a thagadh fíon raice isteach ar an dtráig an uair sin. Tháinig bairrile mór uair agus deineadh é roinnt. Cana mór a bhíodh ag crú na mbó againn a thug m'athair lán d'fhíon agus ní dubhairt sé aon fhocal ach an cana a chur ar bhonn a drosair(dresser). Bhíodh an cana lán d'uisge glan ann gach aon oidhche sa bhliain mar ní bheadh mo mháthair gan uisge glan a bheith sa tigh istoidhche, ach sin sgéal eile! An oidhche seo ach go h-áirighthe bhí putóga déanta aig an seanabhean agus nuair a bhíodar líonta ullamh aice chuir sí 'n chorcán iad os cionn na teine. D'iompuig annsan agus chaith sí an cana uisge dar léi isteach sa chorcán na dteannta agus gan aon amhras aice ach gur b'uisge glan a bhí aice ann. Tar éis tamaill tháinig m'athair isteach agus nuair a chonnaic sé an cana folamh tháinig iongnadh air. "Cár cuireadh a raibh sa chana so?" ar seisean. "Chuireas ar na putóga ar an dteine é." arsa ise. "Cuiris an eadh?" ar seisean agus iongnadh air. "Cuireas," ar sise "cad na thaobh?" M'anam, a bhean, ach go mbeidh anairthe mhéith agat" ar seisean.
    Ní cuimhin liom anois a n-itheadh iad ach is docha go n-itheadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    3. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male