School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 113
- XML “An Dildeárn= Cearn, Bodhrán”
- XML “Steaimpí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)choimeád tirim agus gan é chur chun aon gnótha a fliuchfadh é. Dá bhfuigeadh na gadhair teacht air sar a mbeadh sé cruaidhte sábhálta na cheart is tapaidh a dhéanfaidís a gnó.
- Chun an steaimpí do dhéanamh níor mór na prátaí móra deasa foláine do phriocadh agus iad a nighe go maith chun ná beadh aon chré ná gainmh ins na súile acu. Iad do sgú'le sgiain agus annsan iad do sgríobadh ar an ngráta stáin - tón seana galúin stáin ach ná beadh aon mheirg air agus pollaidheacha a dhéanamh ann le tairinge - dhéanfadh sé an bheart go h-aluinn. Ar an mbórd a déintaí iad do sgríobadh. Annsan éadach maith láidir leathan d'fhágail - leath mháilín plúir ach é bheith nighte glan. Chuiridís isteach san éadach roinnt mhaith des na prátaí sgríobtha agus dheinidís é chasadh mar déanfá le plainncéadaí a beadfá a'fasgadh tar éis iad a nighe, chun an t-uisge agus an súghlach go léir a baint as. Annsan nuair a bheadh é bácáltha blúire deas ime a chur air agus é d'ithe te. Na dhiaidh san curtaí gráine beag plúir tríd á mheasgadh agus chun é eadtromú. Ach ní raibh aon phlúr ag imteacht nuair a bhí an steaimpí flúirseach sa dúthaig. An plúr a chuir deire leis an steaimpí(continues on next page)
- Informant
- C. Bean Uí Chaomhánaig
- Gender
- Female