School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 067
  3. XML “An Dá Scóláire Bocht”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mháthair ag dul ar sgoil ann fear de mhuinntir Shúilleobháin a bhí ag múineadh ann. Bhíodh dhá phráta fuar-beirbthe ag gach aon leanbh ar féad é chun lóin. B'in é an lón a bhíodh ag leanbhaí go ceann i bhfad na dhiaidh san. Ná prátaí a bhíodh fágtha tar éis na hoidhche cuirtaí fé'n mbrúid ar maidin iad agus iad do rósta "lúthóg" a tugtaí ortha annsan agus ní geibhtaí aon lucht ortha i lár an lae ar agoil. Prátaí a bhíodh acu tar éis teacht abhaile chómh maith agus sé an annlan is mó a bhíodh acu leó an "dipple" nú uaireannta á mbeadh an fáltas flúirseach braon leamhnacht agus salann air agus an práta a thomadh ann.
    An Dipple
    D'fhiafruig an máistir de dhuine des na scoláirthí lá ar scoil cad a bhíodh aige sa bhaile mar annlan leis na prátaí. "Dipple a mháistir," ar seisean. " Connus a deineann sibh é?" arsan máistir. "Braon uisge is gráine salainn air" arsa'n leanbh. " Cad a bhíonn agaibh-se? ar seisean le leanbh eile. "baine na ngabhar go lom te im'baisg," ar seisean é leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Leis na prátaí leis uaireannta bhíodh braon leamhnachta agus salann agus piobar air.

    Leis na prátaí leis uaireannta bhíodh braon leamhnachta agus salann agus piobar air. Dheinidís na prátaí do sgú' leis na meireanna agus iad do thumadh ann annsan. Is minic gurbh ar birdeóig i lár an tighe a bhíodh na prátaí beirbhthe agus tugadh gach duine des na leanbhaí a stóilín in aice na birdeóige ullamh cun oibre.

    M'athair, Pádraig ÓSúilleobháin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male