School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 066
  3. XML “An Dá Scóláire Bocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    uair sin. Ní raibh muinntir Chinn Áird riamh gan annlan éigin leis na prátaí acu. Nuair ná bíodh an t-iasg flúirseach agus b'annamh san am úd, bhíodh cnósach trágha acu ruacain nó seadáin gainmhí ó'n dTráigh Bheag, iasgáin is miongáin ó'n gcladach thíos agus báirthnig ó'n mBéal - seadh mhuise nó an sleaidí féin. Beag a lucht a bhí air.
    Is cuimhin liom na leabhra a bhíodh acu ar na sgoileanna san d'fheisgint "Reading Made Easy" an leabhar Béarla agus "Vester's Arithmetic." Nuair a bhíodh an aimsir go h-olc nó go fliuch istig i mbothán a bhídís bailighthe le chéile. Ceann tuighe nó brínighe a bhíodh air agus falla fóidín. Ní raibh ach an t-aon fhuinneóigín amháin ann agus is tríd an ndorus is mó thagadh an solus. Nuair a bhíodh an aimsir go maith is amuich cois claidhe a bhídís. Shocruigheadh gach scoláire (dalta) cloch cois claidhe do féin chun suidhte airthe agus chuiridís scraithín glas anuas airthe agus uaireannta dorn raithnighe. Fwuch annsan ar b'olc an suidheachán in aon chor í. Ar a nglúinibh a bhíodh an tsléit (slinn) agus anuas airthe sin a bhíodh a páipéar chun sgríobhtha. Iad féin a deineadh an ink (dubhacán) as préacha na sgeach agus préacha na samha chómh maith. Cleití na nGéann nó na nguinéad a bhíodh mar steel-pins acu. Bhíodh cleití na nguinéad go flúirseach ar Thráig Chathail annso thiar tráthanna de'n mbliain. Bhailídís suas iad agus chuiridís i dtaisge iad go dtí go mbíodh gnó dhíobh. Tógadh sgoil annsan i Liospóil Árdamór (1841) in aice an tsáipéil. Nuair a bhí mo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    78