School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 065
  3. XML “An Dá Scóláire Bocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. In aimsir an droch-shaoghail bhíodh na scoláirthí bochta ag gabháil tímcheall ó áit go h-áit ag múineadh na leanbh.Amuich cois claidhe nó istig i seana bhothán éigin a bhídís ag múineadh. D'fhág beirt scoláirthí bochta an Gaillimh in aoinfheacht agus bhíodar ag siúbhal rómpa feuch a bhfuigidís aon áit chun cur fútha ann ag múineadh gur shaorthuigheadar in cheann so dhúthaigh. Ní ghaibheadh na scoláirthí bochta aon phágh an uair sin pé uair eile ghaibhidís é, ach bhíodh a mbéilí ins gach tigh ar a thuras féin acu. Nuair a bhuaileadh aon bheirt acu le chéile bhídís ag cur síos ar na rudaí a bhíodh le n-ithe acu agus mar sin do. Pé sgéal é nuair a tháinig an dá scoláire bocht ó'n nGaillimh annso, do stad duine acu i nGabhlán agus an fear eile go Cinn Áird annso a tháinig sé. An Domhnach na dhiaidh san bhuaileadar le chéile ag an Aifreann agus bhíodar ag cur tuairisge ar a chéile ar connus a bhíodar ag déanamh agus cad é an saoghal a bhí acu. D'fhiafruig an fear a d'fhan i nGabhlán do'n bhfear eile cad a bhí le n-ithe aige. B'shin ceist mhór thábhachtach an uair sin. Dubhairt seisean go raibh a dhóthain prátaí is iasg aige rud go raibh taithighe aige air aige baile sa Ghaillimh. An chéad tseachtmhain sin bhí muinntir an Tobair agus muinntir Chinn- Áird in aon sgoil amháin ach nuair a chualaidh an fear a d'fhan i nGabhlán go mbíodh prátaí is iasg aige'n bhfear eile i gCinn-Áird agus sa Tobar nár phreab sé féin a leith agus chuir sé fé thíos annso sa Tobar agus thosnuig sé sgoil do féin ann, mar nách prátaí is iasg a bhíodh i nGabhlán aige ach bainne na ngabhar agus leath a dhóthain prátaí, mar ná raibh na prátaí ró-fhlúirseach tímcheall na dúthaighe an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    78