School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 063
- XML “Rum Raice”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tínnteáin agus chuir an duine bocht gnús as. sin ar dhein. Bhí Máire Stiabhna - seana bhean ar an mbaile - ag cur ím leachta siar air le spíonóig fean na h-oidhche agus bhídís á shuathadh, sall 's anall le n-a cheann feuchaint a sleamhnóchadh an t-ím leachta siar air. Tar éis tamaill i gcomhnuidhe thógaidís ar chathaoir amach sa bhuaile é - ó agus an fuacht a bhí ann mar i ndeire an gheimhridh a b'eadh é agus bhídís ag cimilt a leacan agus a chluas. Chuireadh sé gnús as nuair a goirtítaí na cluasa aige. Ar breacadh an lae ar maidin - agus gan stad ná staonadh ar sheana Mháire Stíobhna fean na hoidhche - ach ar bhreacadh an lae ná raibh an dé ag teacht ann. B'é an nós nú an dlighe an uair sin aon raic a thagadh go gcaitheadh na Coastguards é d'fhágail agus caithidís sin é coimeád go ceann lae is bliana agus é chur ar ceaint annsan agus muna ndéanfadh sé na coistisí do dhíol as féin chaithfaí é chaitheamh i leath taoibh le h-ionus go raibh sé gan mhaith gan tairbhe. Bhí ana shaoghal aiges na Coastguards agus a lucht leanúna agus cuid mhaith de mhuinntir an Daingin ar an rum agus nuair a bhí an lá is bliain caithte chuireadar an sathach ar ceaint agus toisg go raibh a fhios acu go léir ná raibh annsan ann ach uisge níor cheannuig aoinne nidh nách iongnadh agus d'iompuig Ho[p/r?]n, an Coastguard, béal an tsotaig fé agus sgaoil le fánaig a raibh ann agus ní raibh a mhéala ar aoinne.
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry