Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 159

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 159
  3. XML “Bád na Binne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    air nár chuir sé aon bhara-liobar ar an bhfear eile.
    (sceitse do bhád ag aithint na codanna éagsúla; stuimine, rís, siota, fosta agus cille nó cile)
    Bhí a stuimine go suidhte sa mhúnla agus an fosta chun stiúrtha na suidhe
    Bhí a seólta go módhmharach ceanárd is iad ag freagairt go h-áluinn don rís
    Mar sin féin sa rás le Bád-a'-Chalaithe do buadhadh ar Bhád-na-Binne. Ach connus! Is amhlaidh a thógadar beirt de lucht an chala sa bhád. Bhí báig is gaol ag an mbeirt le chuid de Ghríbhthíníg Chinn Áird agus le báigiúlacht a thángadar ar bórd innte. Ó Cé an Daingin go dtí'n fiach amuich a bhí an rás. Gluaiseadar le chéile go sleamhain beó. Do bhí Bád na Binne ag bogadh go deas ó'n mbád eile agus nuair a bhí sí ag dul chun cinn theastuig ó bheirt an Chalaithe go dtabharfaidís scóp ní b'fheárr di. Thairigeadar san téad a'tseóil chun an seól a sgaoileadh amach breis. Nár bhris an téad agus anuas leis an seól. Sar a raibh an crann tógtha anuas agus téad nuadh curtha air bhí an bád eile aig ceann sprice. Bhí ana lúthgháir ar mhuinntir an Chalaithe. Dubhairt duine acu go mbuadh-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí