Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 029
- XML “Rian an Phósta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rian an Phósta
Bhí Murchadha Mór Log-na-gCapall ar phósadh agus bhí an tarán á gearradh 'na shlisneóga deasa tanaidhe ag gaige de dhuin' uasal a bhí ann. Níor thaithin an gearra le Murchadha Mór. Thug sé ulfhairt ar fhear na sgeine agus dubhairt sé leis deállramh a bheith leis go raibh an t-arán ró-lag, ró-thanaidhe, ró-liuca dho féin. " Connus a gearrfadh mar sin é?" ars'an duine uasal.
"Gearraig i bhfoirm fóid móna é fairsing flúirseach" arsa Murchadha Mór. Ní fheadar ar dhein nó nár dhein ach nuair a bhí Murchadha Mór ag fágaint tighe an phósta ar maidin chuaidh sé fé dhéin an bhuitsiléara agus dubhairt "Má fhiafruigheann aoinne dhíom cá rabhas, déarfad gur ar phósa bhíos." "'Bhís a lán" a déarfaidh siad, "Tá a lán dá dheáramh ort." Is amhlaidh a gheobhadsa náire dearg agus geobhair-sé níos mó ná san é. B'fhearra duit rian an phósta cuir orm." D'imthigh an baitsiléir agus thug sé leis jug mór fuisgí agus líon sé gloine chuige. Líon sé an darna gloine agus an tríú gloine. Chaith sé siar iad indiaidh a chéile. "Seadh anois" ar seisean "ní beag san. Ní bheidh aon náire orm á rádh gur a pósa bhíos."
15-2-1928- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí