Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “Cois Coillte Glasa 'n Ómair”
  4. XML “Céadaoin an Bhraith nár Mhaith Cuid fé Dhó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cois Coillte glasa'n Omair a stóirín dhearcas tú
    Ba dheas í do chos i mbróigín ró-bhreá í do leigeant tsúil
    Do dhá ghrua mhíne mar an róisín agus do chúilín bhí go fidhte fionn
    Mo léan gan mé is tú pósta nó ar bórd luinge dul anonn
    Dá mbeinn-se féin im'éinín ag léimrig ó chrann go crann
    Nó im'eascú fhada chaol dhubh ag éalú cois taoibh na habhann
    Do sheidhmfinn-se cúpla bhéarsa le dian-searc is gean dá cam
    Ach sin ná féadfad a ndéanamh mar tá'n méagram ró-mhór im'cheann.
    Is dubh 'sis geal an fhairrge an thalamh glas, an páipéar bán
    Do dá chích cruinne mar an eala an loch ag snámh
    Do siúbhlaigheas Éire is Alba, Sasana, an Fhrainc 'san Spáin
    Is macsamhail mo cailín deas ní fheaca is ní féidir d'fhágail.
    Bean Uí Dhubháin Nodlaig 1927, Árdamór, Liospóil, Gairbhíoch ó Cheathrú DúnChuínn a b'eadh a h-athair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dhubháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Arda Mór, Co. Chiarraí
  2. Céadaoin an Bhraith nár né mhaith cuid fé dhó

    1. Tosach na guidhe sin ag béal na húírnighe nó
    2. Nár ghaibhidh an ghuidhe thart nó
    3.Nár a ghaibhidh sé thart agus gurab ort féin a thuitfidh. sin a deirtear le duine a chuireann droch-ghuidhe ort.

    Mícheál Ó Súilleabháin, Baile'n Aistinig
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.