Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 032
- XML “An Ciste Óir atá fé láthair an tSeanchaisleáin i mBaile an Mhúrdaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- " Caisleán an Mhúrdaig, Caisleán na gCúig gCúinne'
An Caisleán is breágtha in Éirinn! " a deireadh an sean amhrán. Fear a bhí ar leath shúil a deiridís a thóg an caislean. Bhí staighre chloch ag dul suas i gcúinne an chaisleáin istigh sa bhfalla agus bhí radharc áluinn ar Thráig a' Mhúrdhaig ó cheann des na fuinneóga sa staighre. Bhíodh dhá chóiolán(cómh-thionól rinnce) ar an gcaisleán tamall - ceann ar úrlár lice a bhí leath slighe suas agus an ceann ba mó ar bhárr an chaisleáin. Bhí seana thigh Hargain ana gheairid do'n gcaisleán agus bhíodh eagla ar mhuinntir Hargain go dtuitfeadh cuid den gcaisleán ortha nuair a bhíodh oidhche gaoithe muaire ann agus an CD Board a leag é beagán blianta ó shoin.
Níl aon ruaine de'n gcaisleán ann anois. In aimsir an ghorta bhí an bheirt chríona i dtig Hargain ag fághail bháis leis an gCalara. Mo shinn-seana mháthair, Cáit Ní Chatháin, a bhíodh ag dul ar a dtuairisg, níor thóg sí an galar ó thúis deire céad buidheachas le Dia. Bhíodh piúnt leamhnachta aice agus spíonóg aice á chur ar gachra duine acu sa turas.Bhí an tráthnóna dorchadha fuair ann nách mór nuair a bhuail an dorus isteach beainín bheag chríona agus iachtar a cóta aniar ar a ceann aice. Agus dhein sí ceann ar aghaidh suas agus suidh ar stóilín a bhí ar an dtinnteán; ní raibh spré de'n dteine ann ná aoinne na chúram. D'fheuc Cáit Ní Chathain ar an mbeainín agus dubhairt sí, "Nác bocht an saoghal é seo," ar sise. "Is bocht an saoghal é, rud nár(?) ghádhtar agus airgead go flúirseach ar an mbaile seo - i mbéal an doiris(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhuínneachain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- E. Bean Uí Bhrosnacháin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Gualainn, Co. Chiarraí