School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 104
- XML “An Seoirseach”
- XML “Buachaill Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Aifrinn do labhair Seana Dhiarmuid. "Feuch a athair sin fear annsan," ar seisean, "a chonnaic duine des na daoine maithe." "An fíor san?" ars an sagart leis an Seóirseach. "Is fíor" ars an Seóirseach. "Connus bhí sé gléasta"? arsan sagart. D'inis an Seóirseach do. "Bhíodh a leithéid de libhiré ar dhaoine fadó," ars an sagart agus sin a ndubhairt.
- Bhí buachaill aimsire a bhi ana leisgeamhail ag feirmeóir. Ag baint na bprátaí a bhíodar lá agus ana-bhruid ortha toisg an aimsear a bheith fé dhóibh. Chuaidh an buachaill ag cnósach ach is amhlaidh a bhí an lámh chlé 'na phóca aige agus é ag obair leis an leath láimh. Bhí an máighistir ag faire air ar feag tamaill agus déisdin air. Dubhairt sé cúpla uair leis brostú ach níor chuir an buachaill aon nath ann. Sa deire, "Ara cad na thaobh ná cuireann tú an lámh eile chugat" ar seisean agus fearg na ghlór. "Dar fia" ar an buachaill, go réidh, slím, sleamhain, "Ní fearr líom í ná í seo" ag cur na lá' deise 'na phóca agus an lámh eile chun na h-oibre.
- Informant
- Pádruig O Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Chiarraí