School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 085
- XML “An Chara Choilíneach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dúbhairt leí an slat draoidheachta a d'fhághail agus an leachtán a bhúaladh agus go dtiocfhadh capall amach ach gan í thógaint agus gan an tarna ceann a thógaint agus go dtiocfhadh an trímhad capall amach agus an ceann sin a thogaint. Bhí iallait anáirde ar an gcapall agus chuaidh an Chara Chúilíneach anáirde annsan. Dúbhairt an Chaitín Ghearra Ghlas leí bheith ar an nduine deireannach ag imtheacht agus ar an gcéad duine ag teacht. Dhein bean bhreágh óg di núair a chúaidh sí anáirde ar an gcapall. Bhí iongantas ar gach duine núair a chonnacadar an bhean bhreágh so. Tháinig an bheirt inghean abhaile núair a bhí an t-Aifreann thart agus bhí ana iongantas ortha núair a chonnacadar na bullóga . An chéad Domhnach eile a bhí an bheirt(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Bácaoir
- Gender
- Male
- Informant
- Nóra Bean Uí Bhácaoir
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Cathair Deargáin Theas, Co. Kerry