Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 085
- XML “An Chara Choilíneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dúbhairt leí an slat draoidheachta a d'fhághail agus an leachtán a bhúaladh agus go dtiocfhadh capall amach ach gan í thógaint agus gan an tarna ceann a thógaint agus go dtiocfhadh an trímhad capall amach agus an ceann sin a thogaint. Bhí iallait anáirde ar an gcapall agus chuaidh an Chara Chúilíneach anáirde annsan. Dúbhairt an Chaitín Ghearra Ghlas leí bheith ar an nduine deireannach ag imtheacht agus ar an gcéad duine ag teacht. Dhein bean bhreágh óg di núair a chúaidh sí anáirde ar an gcapall. Bhí iongantas ar gach duine núair a chonnacadar an bhean bhreágh so. Tháinig an bheirt inghean abhaile núair a bhí an t-Aifreann thart agus bhí ana iongantas ortha núair a chonnacadar na bullóga . An chéad Domhnach eile a bhí an bheirt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Bácaoir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Bhácaoir
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Deargáin Theas, Co. Chiarraí