School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seán Láidir.
Bhí fear úair i mbaile Eagailse dárbh ainm do Seán Láidir. Feirmeóir maith tábhachtach dob eadh é, go raibh ceithre cinn déag do bha aige, agus toisc go raibh aon bheagáinin teasbaidh air chaith sé ceann do saighdiúirí Bhannríogan Eilís a chothú.
Saighdiúir abeadh é seo a bhí lán de rógaireacht agus de choir. Chaitheadh feóil úr a bheith aige gach aon lá chun dinnéir aige agus ollmhaithisí eile nach é, pé áit go bhfaighfí iad. Bheadh an saighdiúir ag ithe ar ceann an bhúird agus Seán Laidir ón dtaobh eile dho agus gan faic aige ach prátaí agus salann, agus núair a bheadh an cnámh priscaithe ag an saighdiúir , chaitheadh sé ar Sheán é ag rádh: "Seo my dog pick that". Ní raibh aon Bhéarla ag bean an tighe(continues on next page)