Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 93
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nach giota de na cuid feóla fhein a bhí ann.
- Sgéal.
I bhfad ó soin ní rabh toigthe cloch ar bith ann ach toighte fód agus ní solus ar bith ann ach solus na teineadh. Oidhche amháin thainig seanbhean agus seanduine ag airneal ag seanbhean agus seanduine eile. Dar leobhtha go mbéadh féasta beag aca. Marbhuigh siad cearc agus cuir siad san phota í ar an teinidh. Bhí fhios ag cuid de’n muinntear óga an bhaile go rabh an féasta seo aca. Tháinig triúr nó ceatrar aca go dtí an teach a chualaidh siad an t-sean mhuinntear ag cainnt eatorra fhéin. Mar bhí na toighthe fód seo go h-an íseal chuaidh fear aca suas ar mhullach an thoige agus chuir sé síos a lám ar an poll a bhí fá choinne toithe a leigeant amach agus tharraing sé suas an pota go socair. Níor mhothuig duine ar bith d’á rabh istuigh é mar nach rabh solus ar bith ach solus na teineadh. Thug siad an potá leobhtha ar siubhal giota o’n teach, agus shuidh siad síos agus dith siad agus d’ol siad a rabh sa phota. Beigin do’n t-sean(bean) muinntear oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Aodha
- Inscne
- Baineann