Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 9

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 9

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 9
  3. XML “Paidir”
  4. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidir
    A Mháthair an chodladh sin ort? Ní h-eadh acht aisling. Caide an aisling sin a mháthair? Ag amarch ortsa da stialladh as da strochadh agus do ceangal le trí rópa caola cnaibe ar mallaidh na mbeann arda udaí thall sleagh nimhe ag gabhail fríd do chroidhe, do chuid fola ag sgeardadh in airde agus ag tuitim ar leacacha na sráide udaí thall O! a mháthair is maith an aisling sin. Níl an dhuine a dearfas ceithre h-uaire ficheadh e no bhfuil seilbh agamsa ar a anam sa glóir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Gráinne Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    38
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
  2. Comhartaí Aimsire
    Nuair a bhíos an ghrían ag gabhail síos agus an spear uilig dearg thart fa dtaobh duithe sin comhartha go mbéidh aimsear mhaith ann.
    Nuair a bhíos an ghrían ag gabhail síos comh h-an ghéar sin comhartha go mbéidh aimsear olc ann. Nuair a bhíos an dusta ag éirghe ó’n bhealach mhór sin comhartha go mbéidh gaoth mhór ann.
    Nuair a bhíos an ghaoth ag feadalaigh ins na dorsaí agus na fuinneógaí sin comhartha go mbéidh gaoth mhór ann. Nuair a bhíonn sé ag cur agus an coileach a fheicheal ag gabhail suas ar chlaide agus é ag sgairtigh sin comhartha go mbéidh aimsear mhaith ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Gráinne Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    38
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall