Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin geibheadh sé cliabh agus cuireadh sé lán glaice de chocán scaithte agus dlaideóg de fheagha ann agus a’ca’n dhuine bal do a chirteach. Dhfágadh sé amuigh ag an dorus é go h-am luighe. Tamall beag roimhe am luighe theigheadh duine dé’n teaglach amach agus deareadh sé “Gabhaigidh ar bhur ngluanaibh, fosglaighigh bhur súile agus leigigidh isteach Bhrighid.” Bheireadh ceann-urraidh an toighe freagar “Sé bheatha, sé bheatha” Deireadh an duine amuigh “Gabhaigidh ar bhur ngluanaibh, fosglaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brigid.” Deireadh an fear astoigh, Sé bheatha (Sé bheatha, Sé bheatha). na mná uaisle. Bheireadh an fear amuigh an cliabh isteach agus choisricthí an cocán agus a rabh sa chliabh. Annsin dhéanthaí crosannaí dé’n chocán lá (amh) thar na noirthear chuirthí cros suas in a’ca’n seomhra sa teach agus ins an bhoitheach.Deirtear má bhíonn bratach Bhrighdhe ar dhuine nach dtig taisme nó tubaiste ar duine ar bith agus nach mbáidhtear an dhuine ach oiread.
- Aon am amháin bhi bád as Rann na Feirste istuigh i n-Oileán Gabhla, agus bhí sean bhean agus bean óg ann. Bhí sagart ann fosta. Nuair a bhí siad ag teacht amach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall