Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 47
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)síos ins an tobar i n-a h-aindeoin í. Chuaidh sí síos ins an tobar agus chonnaic sí an madadh mór bán na luighe ag bun chlaide. D’iarr sí mar athcuinge an madadh mór bán sin a teacht chuici an oidhche sin.
Nuair a táinig an oidhche buaileadh buille ar an doras, agus cé bhí ann acht an gaisgidheach a b’fearr san domhan thoir, ag iarraidh nighean ba sine an Ríog.
Dubhairt an rí go bhfuigheadh agus míle fáilte. Tamall ‘na dhiaidh sin buaileadh buille eile ar an doras, agus cé bhí ann acht an gaisgideach a b’fearr ‘sa domhan thiar ag iarraidh an dara nighean. Dubhairt an rí go bhfuigheadh agus míle fáilte. Tamall na dhiaidh sin buaileadh buille eile ar an doras, cé bhí ann acht an madadh mór bán agus é ag iarraidh a bhean fhéin. Tugadh nigean cailleach na gcearc do. Thug sé leis í go dtí leac bhuidhe an domhain. Las sé teinidh deas agus amach as chroidhe-lár na teineadh d’fás crann deas gorm-glas ba deise dhá bhfaca súil súil ariamh. “Caidé déanfadh d’athair leis an chrann sin dá mbéadh sé aige do féin?” arsa seisean. “Caidé dhéanfadh sé leis ach a tabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Róise Bean Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall