Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 29
- XML “Leigheasanna”
- XML (gan teideal)
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
(gan teideal)
“Bheirtear teallachan ar na préataí a róstar san luaith.”
Bheirtear teallachan ar na préataí a róstar san luaith. In achán sean teach tá dha pholl ar achán taobh de'n teinidh agus bheirtear poll a bhaic orthu. Coinnighthear an lampa beag agus cipíní fa choinne na teineadh ann. Beirtear créadan ar bataí a bhíos ar achan taobh de'n teinidh agus bíonn éadach fa choinne na soithig a ghlanadh cróctha ortha.- Sgeal
Bhí bean thoir i Loch in Iubhar am amháin agus bhí a fear in Albain. Achán mhí chuireadh an fear seacht bpunnta chuici agus lá thar na bharach rachadh sí len a fághail briste ar an bhaile mhór.
An sáthairn a bhí ann an lá seo, agus chuaidh sí go dtí an baile mór. Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc, cheannuigh sí cupla péire brog agus cupla rudaí eile. Ghearr sí an aith-giorracht na bhaile síos fríd an chaoran. Bain sí duithe a cuid bróga agus d’iomcar sí iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)