Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
- Suíomh:
- Dumha Acha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: S. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanfhocail (ar lean)
“Is trom cearc i bhfad.”
(ar lean ón leathanach roimhe)68. Ag seachna an chinn agus ag bualadh an mhuiníl.
69. Is feárr ádh ná éirghe go moch.
70. Is feárr an t-ádh ná éirghe go moch.
71. Is feárr marcaigheacht ar each ná coisidheacht leat féin.
72. Is feárr sean-fhiacha ná sean-fhala.
73. Is feárr an troid ná an t-uaigneas
74. Is feárr mall ná ró-mhall
75. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
76. Is feárr marcaigheacht ar ghabhar ná coisidheacht dá fheabhas.
77. Is feárr marcaigheacht ar asal ná coisidheacht dá fheabhas.
78. Innis dom do chomhluadar agus innseóchaidh mé dhuit cé thú féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann