Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)

Suíomh:
Dumha Acha, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
S. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086H, Leathanach 02_003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086H, Leathanach 02_003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
  2. XML Leathanach 02_003
  3. XML “Seo iad Targaireachta a Rinne Brian Rua Ó Cearbháin”
  4. XML “Pádraig Daeid agus an Bás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt sé go d-tiocfadh an lá nuair a bhéadh lán adhairce d’ór ar bhuin.
    Dubhairt sé go mbéad bothar mine déanta annseo is annsiúd, agus go mbéadh coistí agus caranna ag rith orra agus go rachadh sgéal i mbárr bhata níos tapula ná a thiocfadh an seabhach ins an aér ó Baile Átha Cliath go Cuan an Fhóid Dhubh
    Sgéal innsitthe faoi Bhrian agus an baintreabhach – mar d’íoc sé an cíos dí agus mar thuit sé ‘na chodladh an oidhche sin ag dul abhaile dhó. Mar cuir sé a chóta faoin a cheann – mar bhí aisling aige – mar fuair sé Áilleachán i mbuncille na laimhe deise a chóta.
    An Long Mhaol - an t-Ultach ar an aonach. Ceannuigh Brian na bulláin a uilig a bhí aige – gan airgead ar bith aige – i g-cionn bliadhna mar thainic an t-Ultach – ní raibh airgead roimhe – an long mhaol ag an caladh
    Posadh an t-Ultach agus inghean Bhriain – féasta bhí acú. Bhí blas na meala ar gach aon greim, agus gan dhá ghreim ar aon bhlas, agus gan aon greim tur.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.