Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
- Suíomh:
- Dumha Acha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: S. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanfhocail (ar lean)
“Is trom cearc i bhfad.”
(ar lean ón leathanach roimhe)79. An rud a théigheanns i bhfad téigheann sé i bhfuaire.
80. Is feárr an tsláinte ná na táinte.
81. Is feárr an tsláinte ná na táinte ar chnuic.
82. Codladh na maidne is mairg dhéanas (a ghníos) é.
83. An t-é nach gcleachtann an mharcaidheacht déanann sé dearmad de na spuir.
84. Sadhbhreas bodaigh, agus bochtaineacht duine uasail; dhá nídh nach maireann i bhfad.
85. Níl grádh dhá mhéid nach dtigeann fuath dhá réir.
86. Is giorra cabhair Dé ná an doras.
87. Ag baint an chumhdaigh de d’theach féin agus ‘ghá chur ar theach an fhir eile.
88. Ní h-ionann dul go dtí an baile mór agus a fhágáil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann