Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
- Suíomh:
- Dumha Acha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: S. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanfhocail (ar lean)
“Is trom cearc i bhfad.”
(ar lean ón leathanach roimhe)37. A dhuine gan chéill,
Tabhair aire dhuit féin
Níl tuile dhá mhéid nach dtráigheann
38. Níl grádh dhá mhéid
Nach dtigeann gráin dá réir
A’s níl tuile dhá mhéid nach dtráigheann
39. Ní námhaid an chéird acht í a fhoghluim.
40. Is námhaid an chéird gan a foghluim.
41. Is feárr éan in do láimh ná dhá cheann ar chraoibh.
42. Is feárr éan in do láimh ná péire ar an tom.
43. Is feárr éan ‘sa ghlaic ná dhá cheann sa tom.
44. Is feárr éan in do láimh ná dhá cheann ar an chraobh.
45. Is feárr éan ‘sa láimh ná dhá cheann ‘sa tom.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann