Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail

Suíomh:
Coill Chláráin, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ss. Ó Muineóg
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0592, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0592, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Leathanach 403
  3. XML “Fireball Mac Conamara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do rugadh agus tógadh Fireball Mac Conmara i Mo Riasc in aice Tulach i gCo. an Chláir timcheall céad bliadhain ó shoin. Duine de sliocht muinntir Mac Conmara do b'eadh é agus fear calma laochrach do b'eadh é freisin.
    An t-am sin bhí na Sasanaigh tíoránaigh san tír seo agus bhí gráin mór air iad a bheith ag déanamh sin.
    Bhí dhá phiostal ag Fireball agus sgríobhadh 'bás gan sagart' ar ceann amháin aca agus 'casúr an bháis' ar an gceann eile. Thug sé casúr an bháis' do Ó Connall nuair a bhí sé ag troid i n-aghaidh D'Esterre.
    Do chaith sé cuid is mó de a shaoghal isteach ag bagairt agus ag troid i n-aghaidh na Sasana agus bhí eagla an domhain ar na lucht Plandála i gCo. an Chláir air.
    Nuair a bhí Ó Connall ag troid an comhrach beirte le D'Esterre do chabhruigh Fireball lámh uachtar d'fhágail air.
    Is mó comhrach beirte do throid sé in a shaoghal. Chuaidh sé go dtí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Donncha Ó Muineóg
    Inscne
    Fireann