Scoil: An Scairbh (C.)

Múinteoir:
Máiréad, Bean Mhic Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0591, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0591, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Scairbh (C.)
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Sruthán an Leamhnacht”
  4. XML “An Capall Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sgéal ag baint le feirmeóir bhig (?) go raibh cómhnuidhe air ar bhruacaibh locha gréine i mbaile Fearthainn ar a dtugtar Leacha-an-Éadain. Ba leis an t-oileán a bhí suidhte i lár an locha agus bhí sé de nós aige coirce agus prátaí do chur ann. Lá áirithe do thug sé fé ndeara gur deineadh móran diongbhála d'á choirce agus ba mhór an chúis réidhteach dó é coisc ná raibh beithidheach d'aon t-sóirt ar an oileán agus ar deireadh do shochruigh sé go bhfanadh a mhac agus é feín ina suidhe chun an oileán do ghardáil agus ag uair an mheadhan-oidhche do chonnachadar capall liath agus searrach capaill ag teacht amach as an loch agus do chromadar ar an gcoirce d'ithe. Ach ar feiscint an feirmeóir dóibh do ritheadar isteach sa loch arís. Do chuaidh an bheirt abhaile agus ní nárbh iongnadh do leathadar an sgéal i gcéin is i gcomhgar. Do chuaidh dream daoine ón gcomharsanacht leó an tarna oidhche agus do thuit an rud céadhna amach ach d'éirigh leo bhreith ar an searrach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Giolla Phóil
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mr M. Guilfoyle
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70