Scoil: An Scairbh (C.)
- Múinteoir: Máiréad, Bean Mhic Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Scairbh (C.)
- XML Leathanach 003
- XML “Doire Gréine”
- XML “Sruthán an Leamhnacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baile fearthainn tá suidhte idir an scoil seo agus loch Deirg dheirc. Tá sgeul ag baint leis an ainm seo ar martain fós sa ceanntar seo. Do réir béal oidis is amhlaidh báthadh bean darb ainm dí grían sa loch atá tímcheall ocht míle ón baile seo ar a dtugtar loch gréine. Tug an tuille corp léi síos an abha a shnígheann ó loch gréine go loch deirg dheirc gur fúaradh sa deire é ar brúach na h-abhann san áit ar a dthugtar Doire Gréine mar ainm indhiu. Do chuireadh grían í dThúaim Gréine agus do réir an Dochtúir Seoighe tá a feart le feiscint inaice leis an an baile sin fós. Sin é an scéal fé mar atá sé í mbéal na ndaoine indhiu agus má tá bréag ann ní mise a chuir ann é.
- I mbaile fearthainn ar a dthugtar Clúain Oscar atá tímcheall le ceithre míle ón mbaile seo tá sruthán beag ar a glaodhtar sruthán a' leamhnacht. Do réir béal oidis is bainne a bhíodh ag síor-rith sa sruthán seo tráth. Do thárla úair airithe gur ól bean deoc as, agus go ndhearna sí dearmhad ar beannacht ó Dhía do ghuidhe air. Ní túisge bhí sé ólta aici ná(leanann ar an chéad leathanach eile)