Scoil: Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Mac Craith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)snaois de". "Fóill, fóill", arsan garsún.
"Ní chuige sin a tháinig mise agus chun ceart agus cóir a bhaint dhíot". " Cia'cu mbhfeárr leat a bheith a gabhail de sceannaibh ar bhárr carnach a chéile nó iomrascáil chaol, chruadh casda" arsan fathach. "Iomrascáil chaol, chruadh casda, mar a d'foghluam mé i measc na leanbhuidhe uaisle ag a bhaile arsan garsún. Cuaileadar fá céile agus tháinig an spideóg ar an gclaidhe agus a dubhairt leis an garsún " Cuinnig ar ghaisce an bualláinín buidhe". Chuir sé an fathach go dtí a glúine sa talamh den céad cor agus go dtí a bhásta den tarna cor, agus go dtí muineál den tríomhadh cor. Diarr an fathach párdún agus dubhairt leis go dtabharfadh sé dhó cadh caol sonn, srian agus diallait agus ór 'na chuid póchaí, culaighthe airm cliadheamh agus slaitín draoidheactha agus buidéal slán adamne a leigheasfadh an domhan. Fuair sé an claidheamh agus bhuail sé annsa muinéal é. D'éirig a cheann anáirde. Dubhairt an spideóg, " Má luigfidh tú an ceann ar a colann ní marbóchaidh a dtiocfaidh 'sa dtáinig é ". Buail sé an ceann agus do dhein sé dhá leath dhi.
Nuair tháinig sé abhaile ní rabhas ag muintir a tighe go dé an cuinne 'na gcuirfidhe é bhí an oiread meas aca air, bhí an oiread san bainne ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Ó Fionghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Fóidre, Co. an Chláir