Scoil: Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Mac Craith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go buaibh. Ar a lá ar na bháireac a gaibh sé amach, sheaol sé isteach aríst iad. Tháinig an fathach a dhá cheann, a dhá bheann agus a dhá mhuiníl chuige agus dubhairt, "Faghaim balaighthe an Eírennaigh, bhradaigh, bhréagaigh annso, mharbhuig ns dhearbhráthair, is mór liom mar greim tú agus is beag liom mar dhá greim tu agus ní fheadar mé cad a dheanfaidh mé leat mara ndeanfaidh mé pina snaisín díot". "Fóill,fóill" as an garsún, " Ní chuige sin a tháinig mise ach chun ceart agus cóir a bhaint dhíot". "Cioca mbhféarr leat a bheith ag gabháil de sceannaibh ar bhárr easnach acéile nó ionrinscáil chaol chruadh casda?" ar san fathach. "Inrioscáil, caol chruadh casda" ar san garsún, mar a d'fhaghluim mé imeasc na leanbhuidhe uisle ag a baile". "Cuadar fé chéile agus bhíodar ag cur cré annsa spéir. Tháinig a spideóg ar an gclaidhe agus dubhairt, "Cuinnigh ar ghaisce an bhualláinín bhuidhe". Chuir sé go dtí n-abhásca é do'n chéad cor, an tarna cor go dtí n-a mhuinéal, D'iarr sé pardún agus geall sé dho malairt capaill agus malairt culaigthe, srian agus diallait agus a phócaí lán le h-ór. Bheidh san agus do cinn agam arsan garsún, Tháinig a spideOg ar an gclaidhe agus dubhairt má tugfidh tú na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mártain Ó Fionghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Fóidre, Co. an Chláir