Scoil: Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Mac Craith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí rí i nEirinn fad ó agus phós sé agus do cailleadh a bhean. Bhí aon mhac amhain aige. Do phós sé arís agus bhí triúr cloinne aige leis an tarna bean. Bhíodar, dtriúr ag dul ar seoib i bhfocar a céile. Bhí mac na céad- mná níos éirimiúila na clann na tarna bean agus mór thaithin sé sin leithis. Cuir sí ag araoidheacht stuic é. Crom sé ar ghol. Tháinig buallaín cuige agus dubhairt sé leis an adharc a casadh de agus go raibh leabhair istig ann agus é bhaint amach agus go bhfuigeadh sé i dheóthaint foghluma ar "Bain féar dom agus líon mo bholg" ar sé "agus beidh uan agam ar tú muineadh". Bhíodh scrúdughadh ag an mBainríoghan ortha, gac seachtmhain agus i n-áit a cloinne féin a bheith a faghail a treis ar mhac na céad - mhna i bfogluim, is amhlaidh bhí sé dha uair ní bhfearr ná iad. Cuir an Bainríoghain fear da fhaire féachaint cé bhí da mhúineadh. Connac sé an garsún ag baint na h-adhairce den bhullanainín buidhe agus a tógaint an leabhar amach as. Nuair d'inniseadh don bhainríoghain go raibh an bullananí buidhe a mhuineadh an gharsúin, leig sí uirtí féin a bheith tinn agus ná leigheasfadh aon rud(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mártain Ó Fionghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Fóidre, Co. an Chláir