School: Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Teacher: Tomás Mac Craith
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)í ach an céad beithideach a geobhadh isteach an geata mharbhadh dhí. Bhí an garsún a gal sa béiceig annsan."Marbháifar i mbáireach tú is cad deanfaidh mise annsan" ar sa tine an mbullaínin buidhe. "Eist a mhadáinín arsan buacaillín buidhe " nac fuirist damh fa bheith ar a gcionn deideannach a gabháil isteach". Is amhlaidh bhí agus níor marbhuigeadh an cead lá e.
Pé ar domhan gal is lórg a bhí ann an céad lá bhí an dá oiread ann an tarna lá, an uair a bhí a fhios ag an ngarsún go raibh an bullánaín buidhe chun a mharbhuighad. Dubhairt an bullanáinín buidhe leis bheith ar staic an gheata agus go mbeadh sé ag pradhach ar fuaid na h-áíte, istig nó go mbeadh na beithidhigh eile traochta. Nuair a bheidh mé a dul de druim an gheata bí ar mo dhrom" ar sé. Bhíodar ag imtheacht tré cnoic agus gleannta agus dubhairt an bullaínín buidhe go marbh iad an tarbh mór é da tarraingeóhadh an garsún a anál agus ar seise. " Cad ar a shon a dtarraingeóchainn sé m'anál agus tusa mharbhuighadh ". Níor tharraing sé a anál agus marbhuigh an bullánainin buidhe an tarbh mór.
Leis an scéal fada a dheanadh gairid dubhairt an(continues on next page)- Informant
- Mártain Ó Fionghaile
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Fóidre, Co. an Chláir